
Is féidir an méarchlár bog darb ainm Cló Gaelach a úsáid le gach cló Gaelach atá códaithe de réir an chaighdeáin idirnáisiúnta Unicode.
|
Faigh an comhad gaelach.zip ina bhfuil an méarchlár dar teideal 'Cló Gaelach'. |
1. Tá an méarchlár pacáilte i gcomhad comhbhrúite. Oscail an comhad seo agus bain an fillteán darb ainm Cló Gaelach as.
2. Laistigh den fhillteán a bhfuil Cló Gaelach air, cliceáil ar an gcomhad darb ainm setup. Osclóidh an User Account Control agus feicfear fógra cosúil leis an gceann anseo thíos.

3. Cliceáil ar 'More info' agus agus feicfear fógra cosúil leis an gceann anseo thíos.

4. Buail an cnaipe a bhfuil 'Run anyway' air agus feicfear an deilbhín le haghaidh 'Windows Security' sa tascbharra ag bun an scáileáin.

5. Roghnaigh an deilbhín le haghaidh 'Windows Security' sa tascbharra agus osclóidh fógra cosúil leis an gceann thíos.Buail an cnaipe a bhfuil 'Yes' air chun an méarchlár a shuiteáil.

6. Má oibríonn gach rud mar is cóir, taispeánfar an ráiteas 'Installation Complete' (féach an léaráid thíos). Buail an cnaipe a bhfuil 'Close' air.

7. Roghnaigh an Ghaeilge agus Cló Gaelach ó liosta na dteangacha agus na méarchlár ar an tascbharra ag bun an scáileáin ar dheis nuair is mian leat é a úsáid.

8. Nó, más mian leat go mbeadh 'Cló Gaelach' ina mhéarchlár réamhshocraithe ar do ríomhaire, téigh chuig Settings > Time & language > Typing > Advanced keyboard settings agus roghnaigh Irish - Cló Gaelach, mar atá léirithe thíos.

Léiríonn an físeán thíos conas an méarchár bog a shuiteáil. Tosaíonn sé leis an gcomhad comhbhrúite atá le fáil ó Ghaelchló:
Theip orainn céim uimhir 5 sna treoracha thuas a thaifeadadh; dá bhrí sin, gabhann an físeán go díreach ó chéim uimhir 4 go dtí céim uimhir 6. Níl céim uimhir 8 léirithe ach oiread.
Nuair a bhíonn an méarchlár ar siúl, ní theastaíonn ach cnaipe marbh amháin (#) chun an Ghaeilge a scríobh. Cnaipe amháin eile (`) a úsáidtear sa Ghàidhlig. Tugtar 'cnaipí marbha' ar na cnaipí seo toisc nach mbíonn aon charachtar le feiceáil nuair a bhuailtear iad: is nuair a bhuailtear an chéad chnaipe eile a fheictear éifeacht na gcnaipí marbha, mar atá léirithe sa tábla thíos.
| Cnaipí | Caraċtar |
| #A | Á |
| #a | á |
| #E | É |
| #e | é |
| #I | Í |
| #i | í |
| #O | Ó |
| #o | ó |
| #U | Ú |
| #u | ú |
| #B | Ḃ |
| #b | ḃ |
| #C | Ċ |
| #c | ċ |
| #D | Ḋ |
| #d | ḋ |
| #F | Ḟ |
| #f | ḟ |
| #G | Ġ |
| #g | ġ |
| #M | Ṁ |
| #m | ṁ |
| #P | Ṗ |
| #p | ṗ |
| #S | Ṡ |
| #s | ṡ |
| #T | Ṫ |
| #t | ṫ |
| #r | ɼ |
| #z | ſ |
| #h | ẛ |
| #& | ⁊ |
| `A | À |
| `a | à |
| `E | È |
| `e | è |
| `I | Ì |
| `i | ì |
| `O | Ò |
| `o | ò |
| `U | Ù |
| `u | ù |
I dteannta na litreacha thuas a theastaíonn le haghaidh na dteangacha Gaelacha, is féidir an méarchlár seo a úsáid chun mórtheangacha iarthar na hEorpa a scríobh chomh maith. Féach na treoracha thíos.
Fraincis
Chun an t-aiceann circonflexe a scríobh, buail AltGr + 6 mar chnaipe marbh roimh an guta a theastaíonn. Mar shampla, chun ê a fháil, buail AltGr agus 6 in éineacht, agus ansin buail e. Mar an gcéanna, gheofar an cédille (Ç nó ç) má bhuailtear AltGr agus 6 roimh C nó roimh c. Chun an tréma a scríobh, buail AltGr + 2 mar chnaipe marbh roimh an guta a theastaíonn. Mar shampla, chun ï a fháil, buail AltGr agus 2 in éineacht, agus ansin buail i. Tá na bealaí is fusa chun an an t-aiceann aigu agus an an t-aiceann grave a scríobh léirithe sa tábla thuas, ach is féidir AltGr + ' a úsáid mar chnaipe marbh in ionad an # más mian leat.
Gearmáinis
Chun Umlaut a scríobh, buail AltGr + 2 mar chnaipe marbh roimh an guta a theastaíonn. Mar shampla, chun ü a fháil, buail AltGr agus 2 in éineacht, agus ansin buail u. Mar an gcéanna, gheofar an Eszett (ß) ach AltGr agus 2 a buaileadh mar chnaipe marbh roimh s.
Spáinnis
Chun an tilde (Ñ nó ñ) a scríobh, buail AltGr + # mar chnaipe marbh roimh N nó roimh n. Mar an gcéanna, gheofar ¿ nó ¡ trí AltGr agus # a bhualadh roimh ? nó roimh ! faoi seach. Tá an bealach is fusa chun an acento a scríobh léirithe sa tábla thuas, ach is féidir AltGr + ' a úsáid mar chnaipe marbh in ionad an # más mian leat.