
Tá tacair stíle (stylistic sets), nasclitreacha caighdeánacha (standard ligatures), nasclitreacha roghnacha (discretionary ligatures) agus malairtí comhthéacsúla (contextual alternates) le fáil i gclónna áirithe i gcnuasach Ghaelchló agus beimid ag cur lena líon de réir a chéile. Ar an leathanach seo, léirítear conas is féidir teacht ar na carachtair mhalartacha seo in MS Word agus in LibreOffice Writer, dhá cheann de na feidhmchláir is mó a úsáidtear le MS Windows.
Is é an réamhshocrú in MS Word go mbíonn nasclitreacha caighdeánacha ar siúl go huathoibríoch; ní gá duit aon rud a dhéanamh lena roghnú ach is feidir iad a chur ar ceal.
Chun teacht ar charachtair mhalartacha in MS Word, téigh chuig Baile ('Home') agus ansin chuig Clófhoireann ('Font') agus buail an saighead síos ar thaobh na láimhe deise. Roghnaigh Ardroghanna ('Advanced') sa bhosca a osclóidh. Beidh tú in ann na nasclitreacha caighdeánacha nó roghnacha, na tacair stíle, agus/nó na malairtí comhthéacsúla atá uait a phiocadh, mar a fheictear sa léaráid thíos. Buail an cnaipe a bhfuil OK air chun an t-athrú a dhéanamh.

Is é an réamhshocrú in LibreOffice Writer go mbíonn malairtí comhthéacsúla agus nasclitreacha caighdeánacha ar siúl go huathoibríoch; ní gá duit aon rud a dhéanamh lena roghnú.
Chun teacht ar thacair stíle nó ar nasclitreacha roghnacha in LibreOffice Writer, téigh chuig Formáid ('Format') agus roghnaigh Carachtar ('Character') ón liosta. Téigh chuig Cló ('Font') sa bhosca a osclóidh, roghnaigh an cló atá uait ón liosta, agus buail an cnaipe a bhfuil Gnéithe ('Features') air. Osclóidh bosca eile inar féidir leat cibé nasclitreacha roghnacha nó tacair stíle atá le fáil a phiocadh. Buail an cnaipe a bhfuil OK air chun an t-athrú a dhéanamh.
