Dubhchló GC

D'eisigh grúdlann Guinness sraith lipéad i nGaeilge sa bhliain 1959 a bhí ina heiseamláir againn le haghaidh Dhubhchló GC. Ba é William Curran a dhear na lipéid agus tá an cló seo dílis don litreoireacht shainiúil a cheap sé, cé gurbh éigean dúinn roinnt litreacha nár léiríodh ar na lipéid a dhearadh as an nua. Cé go bhfuil an cló trom go leor, is de bharr an bhaint atá aige leis an leann dubh a baisteadh 'Dubhchló' air.

Is cló ornáideach é Dubhchló GC. Tá sé simplí agus soléite go leor lena úsáid le haghaidh na gceannteideal i dtéacs fada ach tá sé róthrom le húsáid i dtomhais bheaga.

Eisíodh an chéad leagan de Dhubhchló GC in 2023. Leasaíodh cruth na litreacha 'f', 'p', 'r' inseach agus 's' inseach sa dara leagan den chló a eisíodh in 2025.

An ḟoireann

Dubhchló GC

Tá Dubhchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) sa chló; lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1.

Leasaíodh cruth na litreacha 'f', 'p', 'r' inseach agus 's' inseach sa dara leagan den chló, ach tá na seanlitreacha fós le fáil i dtacair stíle 2 agus 3, mar a léirítear sa tábla thíos:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad dubhgc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Dhubhchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad dubhw.zip ina bhfuil leagan 1.000 de Dhubhchló GC sa Web Open Font Format.